← Bhí siúl maith acu á dhéanamh agus dá fheabhas é an siúl a bhí acu ní rabhadar ag imeacht aon ní ón bhFairceallach. 🔊✎
← Chonaic Fionn é agus thug sé chun boird é agus chaitheadar a sásamh. 🔊✎
← Nuair a chasadar abhaile tráthnóna bhí sé sa tsiúl céanna i gcónaí agus é á leanúint. 🔊✎
← Leanadar é go díreach agus bhí sé chomh fada rompu an lá sin is a bhí sé ina ndiaidh an chuid eile den bhliain. 🔊✎
← D'fhan sé i ngiorracht radhairc díobh i gcónaí go dtí gur iompaigh sé isteach in uaimh agus leanadar é. 🔊✎
← B'shin é an focal a bhí aici i gcónaí go dtí gur ghabh an duine deireanach isteach. 🔊✎
← "Bí geall gurb iad na gadhair sin a thug uaibh é. 🔊✎
← D'fhiafraigh sé d'Fhionn arís arbh amhlaidh a d'itheadar an bia nó arbh iad na gadhair a thug uatha arís é. 🔊✎
← Dúirt Fionn nár itheadar agus gurbh iad na gadhair a thug leo arís é. 🔊✎
← D'fhiafraigh sé de: "cé hí an bhean óg, í siúd a bhí ag an ndoras nuair a ghabhamar isteach go ndeireadh an duine críonna léi: "is trua nach liom tú", agus gurb é an freagra a thugadh sí air ná `nuair a bhíos agat níor choimeád tú mé?' 🔊
← Seo é a deireadh sí leis an bhfear óg: "Táim agat anois agus coinnigh mé!" 🔊
← "Sin é an Bás," arsa an Fairceallach. 🔊✎
← Tá an scéal seo bunaithe ar scéal 53 as Leabhar Sheáin Uí Chonaill, le Séamas Ó Duilearga (Browne and Nolan, Ltd. 1964), agus é cóirithe do thionscadal ABAIR.ie 🔊